Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024

PLEAN FORBARTHA CHONTAE DHÚN NA nGALL 2018-2024

 

D’ullmhaigh Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 go foirmiúil an 9 Bealtaine 2018. Tá sé in éifeacht ón 5 Meitheamh 2018 ar feadh tréimhse 6 bliana go dtí an bhliain 2024.

 

Tá an Plean comhdhéanta de théacs scríofa agus de léarscáileanna agus is féidir amharc air ag na naisc thíos: 

 

Roinn A Ábhar Straitéiseach agus Roinn B Cuspóirí agus Beartais

 

Léarscáileanna i dtaca le Ranna A agus B

 

Léarscáileanna idirghníomhacha i dtaca le:

Léarscáil 6.2.1 Cineálacha Ceantair Tuaithe

Léarscáil 7.1.1 Limistéar Ardscéimhe

Léarscáil 8.2.1 Fuinneamh Gaoithe

 

Roinn C: Cuspóiri agus na mBailte

 

Léarscáileanna i dtaca le Bailte Shraith 1 agus Shraith 2A

Léarscáileanna idirghníomhacha i dtaca le Bailte Shraith 2B agus Shraith 3

 

Doiciméid Bhreise (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Tionchair Natura)

Bhreithnigh na Comhaltaí roinnt doiciméid bhreise agus iad ag déanamh na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus na Measúnachta Cuí faoi seach. Is féidir amharc ar na doiciméid sin ag na naisc thíos:

 

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta 

Roinn D Tuarascáil Comhshaoil (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta)

Aguisín leis an Tuarascáil Comhshaoil (Feabhra 2018)

Tuarascáil Chomshaoil Roinn B Aguisín 3; Treoirlínte Forbartha agus Caighdeáin Theicniúla; Roinn 6.5 de Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 (Aibreán 2018)

Ráiteas faoin Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta

 

Measúnacht Tionchair Natura

Tuarascáil Tionchair Natura (Bealtaine 2017)

Aguisín le Tuarascáil Tionchair Natura (Feabhra 2018)

Tuarascáil Tionchair Natura Roinn B: Aguisín 3; Treoirlínte Forbartha agus Caighdeáin Theicniúla; Roinn 6.5 de Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 (Aibreán 2018)

 

Socruithe Eile Amhairc

Tá cóipeanna de na doiciméid thuas ar fáil lena léamh le linn gnáthuaireanta oifige ag na suíomhanna seo a leanas:

An Oifig Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear.

Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T. Blaney, Leitir Ceanainn.

Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile na nGallóglach, an tSráid Mhór, Baile na nGallóglach.

Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, an Clochán Liath.

Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach.

Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall agus

Saoráidí Leabharlainne na Comhairle.

 

Ceannach 

Chun cóip de Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 a cheannach, tá táille €35 le híoc i gcás bailiú agus tá táille €40 le híoc i gcás seoladh tríd an phost (postas agus pacáistiú san áireamh).  Déan teagmháil leis an Láraonad Pleanála ach glao a chur ar 07491 53900.

 

Cúlra

Is é cuspóir Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 ná creat beartais pleanála maidir le húsáid talún a leagan amach chun an dóigh a bhforbrófar Contae Dhún na nGall as seo amach a threorú. Beidh an Plean ina thoisc ábhartha a chuirfear san áireamh nuair atá cinntí á ndéanamh ar iarratais phleanála.

Tá sé ar an chéad Phlean comhdhlúite do limistéar feidhme iomlán Chomhairle Contae Dhún na nGall, lena n-áirítear Leitir Ceanainn, Bun Cranncha agus Bun Dobhráin, a bhí ina limistéir Chomhairle Baile roimhe sin. Chuige sin, gabhann Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 in ionad Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2012-2018 (arna athrú) agus na ndoiciméad seo a leanas:

Plean Forbartha Leitir Ceanainn agus na gCeantar Máguaird 2009-2015 (arna athrú);

Plean Forbartha Bhun Cranncha agus na gCeantar Máguaird 2014-2020; agus

Plean Forbartha Bhun Dobhráin agus na gCeantar Máguaird 2009-2015 (arna athrú)

Ullmhaíodh Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 agus an Tuarascáil Comhshaoil de réir fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2004, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) (Leasú), 2011.

 

Is féidir amharc ar an fhógra poiblí foirmiúil faoi dhéanamh an Phlean ag an nasc seo a leanas:

Fogra Poiblí

 

Nasc chuig:  An Dréachtphlean agus Athruithe Ábhartha

 

Nasc chuig: 

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar na hAthruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024